Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-03-12-Speech-2-416-750"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130312.43.2-416-750"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Vótáil mé i bhfabhar na tuarascála tábhachtaí seo agus tacaím lena bhfuil inti maidir le fáil réidh leis na bacainní atá i bhfeidhm san Eoraip faoi láthair trí bhíthin simpliú a dhéanamh ar na rialacha i dtaca leis an bhfiontraíocht shóisialta – earnáil a chlúdaíonn 10% de ghnóthais an Aontais agus ina bhfuil 11 mhilliún duine fostaithe.
Tacaím leis an togra i dtaca le pas Eorpach a chur i bhfeidhm chun a chinntiú go mbíonn sraith rialacha amháin ann san Aontas ar fad agus chun dul i ngleic leis an rómhaorlathas agus leis na rialacha tónáiste casta atá ann i láthair na huaire.
Aontaím leis an Rapóirtéir a mhéid a bhaineann leis an bhfás inmharthana a spreagadh ionas go mbeadh tíortha agus pobail a bhfuil deacrachtaí faoi láthair acu ó thaobh an mhaoinithe teoranta atá ar fáil dóibh in ann breis maoinithe a fháil. Ní mór dúinn cúnamh a thabhairt do na tíortha agus pobail sin foinsí eile maoinithe a bhaint amach ar mhaithe le pobail áitiúla a fhorbairt agus a fheabhsú."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples