Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-03-12-Speech-2-021-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130312.4.2-021-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, tá an-dochar déanta do mhuinín tomhaltóirí san earnáil talmhaíochta Eorpach ag an gcamscéim bhia a nochtadh le déanaí.
Is léir dúinn anois go bhfuil laigí sa chóras inrianaitheachta, go bhfuil sé fíor-éasca camscéimeanna bia a chur i bhfeidhm agus slabhra an tsoláthair bhia a chur i mbaol. Níl sé maith go leor gur faoi údaráis na hÉireann a bhí sé aird a tharraingt ar an bhfadhb seo. Ba cheart go mbeadh córas faireacháin agus deimhnithe i bhfad níos déine i bhfeidhm don slabhra soláthair uile in AE. Ní mór dúinn bearta leathana a chur i bhfeidhm chun cáil, ardchaighdeán agus inrianaitheacht táirgí Eorpacha a atógáil.
Aontaím gur chóir ainm feirmeoirí a chosaint ón smál atá á chur ar an earnáil ag gníomhaíochtaí calaoiseacha, coiriúla atá á ndéanamh ag daoine agus ag grúpaí áirithe. Tá an-chuid oibre déanta ag feirmeoirí agus páirtithe leasmhara na hearnála chun a chinntiú go féidir an bia a tháirgeann siad a leanúint ón bhfeirm go dtí an forc. Ní mór dúinne, lucht déanta beartais AE, comhoibriú anois leo siúd chun a chinntiú nach dlí fíorúil atá sna bearta dlíthiúla atá i bhfeidhm chun tacú leo ach gur fíordhlí é a thabharfadh cosaint dóibh agus dá slí bheatha."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples