Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-02-07-Speech-4-129-500"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130207.15.4-129-500"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Os rud é go mbeidh 35% d’Eorpaigh thar aois 60 faoi 2050, ní foláir dúinn beartais an Aontais a dhíriú ar an aosú gníomhach folláin. De réir an daonáirimh is déanaí, tá breis is milliún duine thar 60 in Éirinn anois. Tacaím leis an Rapóirtéir maidir le machnamh a dhéanamh ar oiriúnú réigiún, cathracha agus ceantar tuaithe an AE do phobal atá ag dul in aois. Is as ceantar tuaithe dom féin agus de réir mo thuairimse ní mór dúinn dul i ngleic freisin le fadhb an uaignis i measc daoine aosta. Tá seirbhísí riachtanacha á mbaint faoi láthair ó cheantair tuaithe in Éirinn, rud atá ag cur go mór leis an uaigneas agus an scoitheadh ón saol sóisialta do dhaoine aosta. Ní foláir go gcuirfí an t-uaigneas agus an scoitheadh sin ar chomhchéim le deacrachtaí eile an aosaithe. Ní mór go mbeadh bearta chun dul i ngleic leis an uaigneas agus an scoitheadh sóisialta ar chroílár beartas ar bith a bhaineann le haosú gníomhach folláin. Murach sin, tá an baol ann go beartas ó bharr anuas a bheadh á chur i bhfeidhm, nach mbeadh in ann aghaidh cheart a thabhairt ar bhunfhadhbanna an phobail atá ag dul in aois."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph