Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-02-06-Speech-3-234-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130206.26.3-234-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, cosúil le Feisire eile, bhí áthas orm tacaíocht a thabhairt do na moltaí seo agus freisin, cosúil le Feisire eile, molaim an rapóirtéir agus na Feisirí a d’oibrigh go dian dícheallach ar feadh mórán ama ag cur na moltaí go léir le chéile. Bhí áthas orm go háirithe gur glacadh le dhá mholadh; ceann amháin a bhaineann le héisc mharbh a bheadh á chaitheamh ar ais san fharraige – níl aon tairbhe leis sin, ach tiocfaidh an moladh seo isteach de réir a chéile agus ní thiocfaidh sé isteach thar oíche, rud nach bhfuil róshásúil do na hiascairí. Chuir an dara moladh áthas orm gur glacadh leis na ‘Hague Preferences’. Vótáil mé i gcoinne an ghrúpa maidir leis an gceann seo agus tá áthas orm go raibh Feisirí timpeall orm a rinne an rud céanna. Tá sé sin an-tábhachtach d’iascairí mo thíre féin agus iascairí eile. Agus mar a dúirt an tUasal Ó hUigín – tá tús maith déanta againn anseo inniu agus tá súil agam go mbeidh níos mó iasc san fharraige amach anseo agus beidh gairm bheatha níos fearr ag iascairí dá bharr."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph