Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-02-06-Speech-3-199-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130206.25.3-199-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Is cinnte gur chóir inniúlacht na mBallstát maidir le praghsáil agus aisíocaíochtaí táirgí íocshláinte a chosaint ach ní foláir freisin go ndéanfaimis iarracht cóir leighis ar phraghas réasúnta a chur ar fáil do gach uile dhuine san AE. Fearaim fáilte roimh an moladh i dtaca le tréimhsí feithimh níos gaire a chur i bhfeidhm do dhrugaí cineálacha, a bheadh chun leasa tomhaltóirí agus córais sláinte phoiblí, agus tacaím go hiomlán le hiarratas an Rapóirtéara maidir le trédhearcacht na gcóras praghsála agus aisíocaíochta do tháirgí cógaisíochta a fheabhsú. Cé go bhfuil laghdú tagtha ara bhfuil á íoc in Éirinn ar dhrugaí ar oideas, tá an chosúlacht ar an scéal go bhfuil tomhaltóirí agus cáiníocóirí Éireannacha ag íoc dhá oiread agus atá á íoc sa Fhrainc, sa Spáinn agus sa Bhreatain. Aontaím gur chóir go mbeadh solúbthacht ann do na Ballstáit an Treoir seo a chur i bhfeidhm de réir a rialacháin féin ach ní foláir go mbeadh na húdaráis náisiúnta ag tabhairt aghaidhe ar dhifríochtaí i bpraghas ó thír go tír agus ag cinntiú go bhfuil teacht ag daoine ar chóir leighis ar phraghas réasúnta agus nach bhfuil sailleadh á déanamh ar na Ballstáit agus táirgí íocshláinte á gceannach."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples