Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-02-05-Speech-2-178-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130205.14.2-178-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, d’fhreastail mé ar an díospóireacht seo inné ó thús deireadh agus cé gur chuir mé mo lámh suas chun aird a tharraingt ag an tús, níor glaodh orm – rud nach raibh mé róshásta leis. Ach bíodh sin mar atá, bhí an díospóireacht suimiúil agus corraitheach agus bhí áthas orm vótáil ar son na moltaí anseo inniu. Gan dabht ar bith, is é cúrsaí airgid agus airgead a fháil ó na bainc an fhadhb is mó a bhíonn ag fiontair bheaga agus mheánmhéide. Tá gach fianaise ann go bhfuil an BIE ag cur an t-airgead ar fáil ach go bhfuil sé an-deacair ar na fiontair é a fháil. Dúirt beirt Fheisirí ó mo thír féin inné, an Feisire Prendergast agus an Feisire Costello, go bhfuil ag teip ar 25 % de na hiarratais agus tá eagla ar a lán fiontar eile freisin cur isteach ar an airgead ar an gcúis chéanna. Dá bhrí sin, caithfimid dul i ngleic leis an bhfadhb sin agus freisin an fhadhb a bhaineann leis an téip dhearg. Má dhéanfaimid é sin, déanfaimid dul chun cinn maith."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph