Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-01-17-Speech-4-203-503"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20130117.31.4-203-503"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Vótáil mé i gcoinne na tuarascála seo agus cuirim fáilte roimh an deis seo cur in aghaidh an chomhaontaithe trádala an athuair. De réir mheasúnacht tionchair an Choimisiúin féin, bheadh cailliúintí suntasacha ann d’fheirmeoirí Eorpacha faoi chomhaontú trádála le Mercosur, ach tá an Coimisiúin fós tiomanta i leith drochbhuille a dháileadh ar fheirmeoirí Eorpacha ar mhaithe le brabús déantúsaíochta a bhaint amach. Tá tagairt ar leith sa Mheasúnacht Tionchair ar na cailliúintí suntasacha a bheadh ann d’earnáil mairteola na hÉireann agus ar an laghdú ginearálta a thiocfadh ar an ioncam, de réir heictéar limistéir talmhaíochta arna úsáid, a thagann ó na gníomhachtaí talmhaíochta ar fad. Ní amháin go bhfuil cúrsaí talmhaíochta ríthábhachtach ó thaobh an gheilleagair agus slándáil bhia de ach tá an fheirmeoireacht ar chroílár pobail tuaithe agus slí bheatha na tuaithe chomh maith. Is domheasta é an tionchar a bheadh ar chomhaontú trádála Mercosur ar phobail tuaithe agus ar an nós feirmeoireachta teaghlaigh atá againn in Éirinn. Iarraim ar na ceannairí Eorpacha gan bhuille uafásach a bhuaileadh ar an earnáil talmhaíochta Eorpach agus gan a bheith meallta, chun dochair fheirmeoirí an Aontais, ag an mbrabús a d’fhéadfadh a bheith i gceist le hearnálacha eile atá níos feiceálaí agus tarraingtí."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples