Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-01-16-Speech-3-094-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130116.4.3-094-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, a Thaoisigh – Tréimhse ina mbeidh orainn cinntí deacra maidir le todhchaí an Aontais a ghlacadh í tréimshe Uachtaránacht na hÉireann. Táthar ag súil le torthaí suntasacha ón Uachtaránacht seo, go háirithe maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil agus an CBT. Ní foláir don Uachtaránacht seo tús áite a thabhairt do bhearta seachas briathra, ar mhaithe le dul chun cinn a dhéanamh agus spriocanna a bhaint amach. Ní hiad na comhréitigh ar bhuiséid agus cláir na t-aon chloch atá ar phaidrín na hUachtaránachta. Ní mór dul i ngleic le príomhfhadhb an Aontais: dífhostaíocht na n-óg. Tá 7.5 milliún Eorpach idir 15 agus 24 bliain d’aois gan phost agus gan teacht acu ar dheiseanna oideachais agus oiliúna. Tá breis is duine as gach cúigear Eorpach óg nach bhfuil in ann fostaíocht a bhaint amach. Ní mór infheistiú a dhéanamh san oideachas agus sa taithí ghairmiúil ar mhaithe le dul i ngleic le dífhostaíocht na n-óg. EUR 153 bn sa bhliain atá le cailliúint mura ndéantar sin. Is deis í Uachtaránacht na hÉireann deireadh a chur leis an gcaint maidir le ‘glúin chaillte’ agus díriú ar bhearta láidre praiticiúla a chur i bhfeidhm le teacht i gcabhair ar an ógra."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph