Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-01-15-Speech-2-332-500"
| Predicate | Value (sorted: default) | 
|---|---|
| rdf:type | |
| dcterms:Date | |
| dcterms:Is Part Of | |
| dcterms:Language | |
| lpv:document identification number | "en.20130115.23.2-332-500"2 | 
| lpv:hasSubsequent | |
| lpv:speaker | |
| lpv:spoken text | "Vótáil mé i bhfábhar na Tuarascála seo agus i bhfábhar na moltaí atá ann i dtaca le Straitéis an AE do Chorn na hAfraice. Is ceann de na ceantair is boichte ar domhan é réigiún Corn na hAfraice agus is beag slándáil bhia atá ann. Tá géarchéim dhaonnúil uafásach sa réigiún i láthair na huaire, a bhfuil gnéithe áirithe cosúil leis an droch-rialachas, an tearcfhorbairt, coinbhleacht armtha, coireacht agus dianbhochtaineacht mar chúis léi. I mí Márta 2012, mheas an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta go raibh cúnamh de dhíth ar 8 milliún duine sa réigiún. Tacaím go hiomlán le cur chuige Creat Straitéiseach an AE maidir le cúnamh a thabhairt trí dul i ngleic le cúrsaí slándála, le na fadhbanna atá ann i dtaca le coinbhleacht armtha, leis an drochrialachas agus an bhochtaineacht agus spreagadh a thabhairt d’fhás geilleagrach inbhuanaithe na tíre."@en1 | 
| lpv:spokenAs | |
| lpv:unclassifiedMetadata | 
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples
