Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2013-01-15-Speech-2-257-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20130115.21.2-257-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"A Uachtaráin, d’fhreastail mé ar an díospóireacht anseo aréir agus bhí díospóireacht an-mhaith againn agus bhí a lán daoine ag tabhairt moladh don Uasal Berlinguer agus dá chairde atá ag déanamh an-chuid oibre ag féachaint ar an ábhar tábhachtach seo agus go háirithe ar na moltaí atá curtha aige ós ár gcomhair. Gan dabht ar bith, tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh riarachán éifeachtach againn, ní hamháin san Aontas Eorpach ach freisin sna Ballstáit éagsúla agus go mbeadh siad bunaithe ar chostais réadacha. Ní mar sin a bhíonn sé go hiondúil ina lán áiteanna agus is ceart rud éigin a dheanamh faoi. Tá sé an-tábhachtach freisin go mbeadh an meon ceart ag na daoine atá ag obair i gcursaí riaracháin maidir leis an bpobal i gcoitinne agus freisin maidir le lucht gnó. Is minic a bhíonn siad ag iarraidh iad a sheachaint nó rudaí a dhéanamh níos casta agus níos measa dóibh, agus ní mar sin gur chóir dó a bheith. Dá bhrí sin, fáiltím roimh na moltaí agus tá súil agam go mbeidh riarachán ceart againn ar mhaithe lenár saoránaigh amach anseo."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata
lpv:videoURI

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph