Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2012-12-11-Speech-2-509-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20121211.31.2-509-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"A Uachtaráin, ar dtús ba mhaith liom béim a chur ar chomh tábhachtach agus atá an tuarascáil seo do sheirbhísí ar an talamh san earnáil eitlíochta san Eoraip. Ba mhaith liom a chur in iúl daoibh cé chomh tábhachtach atá sé vótáil amárach chun an tuarascáil seo a sheoladh ar ais go dtí an Coiste um Iompar.
Tá an tuarascáil seo tábhachtach ionas go mbeidh iomaíochas ann ar fud na hEorpa, agus mar thoradh air sin go mbeidh fiúntas níos fearr ar fáil do na haerlínte agus, dá réir sin, do na paisinéirí. Nílimid ag caint anseo amháin ar léirscaoileadh na hearnála seirbhísí ar an talamh, táimid ag caint chomh maith ar na híoschaighdeáin atá curtha ar fáil do mhuintir na hEorpa ó thaobh an
agus an cúram a dhéantar dá gcuid bagáiste.
Nílimid ag caint ar chor ar bith ar léirscaoileadh iomlán; nílimid ach ag iarraidh trí sholáthraí seirbhísí ar an talamh don soláthar seirbhísí. Táimid ag caint freisin ar chomh híseal atá caighdeán oiliúna na n-oibrithe san earnáil seo agus an chosaint atá ann do na hoibrithe a bhfuilimid ag caint inniu orthu ó thaobh a gcuid coinníollacha oibre de.
Ar deireadh, ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an rapóirtéir Artur Zasada as an obair iontach atá déanta aige. Iarraim oraibh go léir vótáil amárach chun an tuarascáil seo a sheoladh ar ais go dtí an Coiste um Iompar."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata | |
lpv:videoURI |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples