Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2012-12-11-Speech-2-455-000"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
dcterms:Language
lpv:document identification number
"en.20121211.30.2-455-000"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spoken text
"Mar gheall ar an éiginnteacht a bhain le dúsháinn an bhuiséid agus an tábhacht a bhaineann le Buiséad 2013, go háirithe i gcomhthéacs an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile, fearaim fáilte fhaichilleach roimh an gcomhaontú a baineadh amach. Is cúis aiféala, áfach, go mbeidh na híocaíochtaí a bheidh á dtabhairt níos ísle ná mar a bheidh ag teastáil. Is i lán-fhios an easnaimh sin a glacadh an cinneadh. Bhí an chuma ar na scéal i 2012 gurb iad na cláir sin a théann chun leasa mhuintir na hEorpa, cosúil le Erasmus agus cláir struchtúracha, is mó a bhí buailte ag an easnamh. Níl sé ceart nó cóir go bhfuil na Ballstáit ag cinneadh ar chláir Eorpacha a leathnú ach ag an am céanna go mbaineann siad díobh an maoiniú agus na cláir ag teacht chun deiridh. Tá pobail agus muintir na hEorpa ag brath i gcónaí ar na cláir sin agus is náireach é éiginnteacht na gceannairí Eorpacha. Beidh iarmhairt ar chúrsaí na bliana seo chugainn ag an gcinneadh gan ach dhá thrian de na billí a íoc i mbliana agus tá an chosúlacht ar an scéal nach bhfuil á dhéanamh ach cinntí deacra maidir le buiséid Eorpacha a chur ar an méar fhada."@en1
lpv:spokenAs
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph