Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2011-09-15-Speech-4-223-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20110915.14.4-223-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Ní raibh gorta chomh dona leis seo le 60 bliain anuas. Tá 750,000 duine i mbaol báis ón ocras agus tá bia de dhíth go práinneach ag 13.3 milliún duine sa tSomáil, san Aetóip, sa Chéinia, san Eiritré agus i nDjibouti. Déanann cogaí intíre agus idirnáisiúnta, athrú aeráide, fás tapa an daonra, easpa bhonneagair, acmhainní ganna, gréasáin trádála saofa agus costas ard na dtráchtearraí an scéal níos measa fós. Is sa tSomáil is measa atá an scéal, le leath den phobal ag brath ar chúnamh bia, le 1.4 milliún duine easáitithe ina dtír féin agus tuairisc ag teacht ó UNICEF maidir le 780,000 páiste atá míchothaithe go dona i ndeisceart na tíre. Tá 860,000 dídeanaí i ndiaidh teitheadh ón tSomáil go tíortha cosúil leis an gCéinia agus an Aetóip. Is é an campa dídeanaithe i nDadaab na Céinia an campa dídeanaithe is mó ar domhan. Meastar go bhfuil 440,000 duine ina chónaí ann. Tá an caighdeán beatha sa champa ag dul in olcas lá i ndiaidh lae. Ní foláir, mar sin, go gcuirfí na moltaí atá sa Tuarascáil seo i bhfeidhm gan mhoill."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples