Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2011-09-15-Speech-4-073-000"
Predicate | Value (sorted: default) |
---|---|
rdf:type | |
dcterms:Date | |
dcterms:Is Part Of | |
dcterms:Language | |
lpv:document identification number |
"en.20110915.3.4-073-000"2
|
lpv:hasSubsequent | |
lpv:speaker | |
lpv:spoken text |
"Tá méadú ag teacht ar ghalair ainsealacha cosúil le galair chardashoithíocha agus, le daonra na hEorpa ag dul in aois, is cosúil gur in olcas a rachaidh an scéal. Fós níl straitéis chomónta Eorpach ann chuige seo.
I measc na ngalar cardashoithíoch, is iad na strócanna is marfaí. Bíonn an scéal go holc dóibh siúd a thagann as beo freisin: bíonn míchumas ar dhá thrian díobh. Faigheann 4.3 milliún duine bás ó strócanna san Eoraip gach bliain. Maraíonn strócanna níos mó daoine ná mar a dhéanann ailse. Ní mór go spreagfadh an Rún seo an AE agus na Ballstáit chun bearta láidre a ghlacadh a rachaidh chun leasa na n-othar agus na gcúramóirí. Ní mór do straitéis an AE díriú ar bhearta coisctheacha. Faoi láthair, is ar chóracha leighis a chaitear 97% de bhuiséad an leighis, agus ní infheistítear ach 3% i mbearta coisctheacha.
Ag Cruinniú Ardleibhéil na NA maidir le Galair Neamhtheagmhálacha an tseachtain seo chugainn, ní foláir don Choimisiún Eorpach a chur in iúl go láidir nár chóir neamhaird a dhéanamh den scéal a thuilleadh. D’fhéadfadh bearta coisctheacha, fáthmheas luath, agus bainistíocht éifeachtach na milliúin duine a shábháil ón mbás gach bliain san Eoraip agus sa domhan mór."@en1
|
lpv:spokenAs | |
lpv:unclassifiedMetadata |
Named graphs describing this resource:
The resource appears as object in 2 triples