Local view for "http://purl.org/linkedpolitics/eu/plenary/2007-02-12-Speech-1-170"

PredicateValue (sorted: default)
rdf:type
dcterms:Date
dcterms:Is Part Of
lpv:document identification number
"en.20070212.16.1-170"2
lpv:hasSubsequent
lpv:speaker
lpv:spokenAs
lpv:translated text
"A Uachtaráin, maidir leis na rialacha seo atá curtha i dtoll a chéile ag an Aontas Eorpach, ceapaimse nach raibh go leor machnaimh ag baint leo, mar nach mbaineann siad ach leis na seacht mBallstát is fiche san Aontas - agus sin an fhadhb. Dúit an Coimisinéir Barrot ansin go mbaineann siad leis an iompar trasatlantach, ach má eitlíonn duine ó Nua Eabhrac go hAerfort na Sionainne in Éirinn beidh an té sin in ann a gcuid buidéal dí agus a gcumhráin a cheannaigh siad i siopa saor ó dhleacht i Nua Eabhrac a iompar abhaile leo. Ach má eitlíonn an duine sin ó Nua Eabhrac trí Aerfort Londain agus ansin ar aghaidh go dtí an tSionainn bainfear uathu i Londain na buidéil a cheannaigh siad saor ó dhleacht i Nua Eabhrac. Níl an córas ag obair. Glacann Aerfort Frankfurt seilbh ar fhiche tonna leacht saor ó dhleacht chuile sheachtain, agus tógann Aerfort Schiphol in Amsterdam 1 600 lítear leacht saor ó dhleacht chuile lá. Tá sé dochreidte. Caithfidh an tAontas Eorpach socrú a dhéanamh le hAerfoirt lasmuigh den Aontas chun an córas slándála céanna a chur i bhfeidhm. Agus d'fhéadfadh an tAontas é seo a dhéanamh trí athbhreithniú a dhéanamh ar na rialacha seo gan mhoill. Ba chóir don Aontas socrú a dhéanamh láithreach le Meiriceá, le Ceanada agus leis an Astráil, mar shampla, chun na rialacha slándála céanna a chur i bhfeidhm agus an córas a chur ina cheart."@en1
lpv:unclassifiedMetadata

Named graphs describing this resource:

1http://purl.org/linkedpolitics/rdf/English.ttl.gz
2http://purl.org/linkedpolitics/rdf/Events_and_structure.ttl.gz
3http://purl.org/linkedpolitics/rdf/spokenAs.ttl.gz

The resource appears as object in 2 triples

Context graph